Cé leis muid

Tá Liú Lúnasa ar ais don triú bliain as a chéile agus tá clár na bliana seo níos mó agus níos beoga ná mar a bhí raimh!

Is féile hobhal-bhunaithe í LL atá freamhaithe i gcroílár Ghaeltacht Uirbeach Bhéal Feirste.

Ó Cheol agus cainteanna go díospóireachtaí, scannáin agus imeachtaí teaghlaigh, tá rud ann do chách.

Cuireann LL an Ghaeilge i lár an Aonaigh agus déanann an fhéile iarracht súile a oscailt agus glór a thabhairt dóibh siúd atá ar imeall na sochaí móire

Eagraítear an fhéile ar bhonn deonach agus tá muid fíorbhuíoch de gach duine a thacaigh lenar sluamhaoiniú, a thug deontas dúinn agus a chuidigh linn ar bhealach ar bith.

Seo ár saol, Ardaigh do ghuth. Lig do Liú!

Meitheal Liú Lúnasa